Ceiliúradh Lá San Nioclás
Bhí an-lá againn ar an 6ú Nollaig agus muid ag ceiliúradh Lá San Nioclás, ár bpatrún. Thosaíomar le bricfeasta do dhaltaí is múinteoirí le chéile. Léigh an t-athair Ó Ceallaigh aifreann linn ansin. Bhí Helen Ní Shé linn leis an gclár 'Saol Ó Dheas' a craoladh beo ón Mheánscoil. Cuireadh agallamh ar dhaltaí na scoile agus aoianna áitiúla - Ann Mulqueen, Áine Uí Fhoghlú agus Jimmy Brockie ina measc. Lean an siamsaíocht ar aghaidh tráthnóna Mháirt. Bhí ard-spraoi againn ag breathnú ar na sceitsí aisteoireachta/ceol a bhí ullmhaithe ag na ranganna dúinn. Bhí gach éinne ag aontú le buaiteoirí na bliana seo - Bl.5 - agus muid sna trithi ag gáire faoin méid a bhí ullmhaithe acu! Maith sibh, a dhaltaí.