Thug ionadaithe Chomhairle na nDaltaí ó gach rang sa scoil faoi chúrsa Oiliúna le hAontas na Mac Léinn (Dara Leibhéal) i nGaelcholáiste Phort Láirge ar na mallaibh agus bhain na ceannairí óga seo an-tairbhe as an lá. Tá Comhairle na nDaltaí ag dul ó neart go neart i Meánscoil San Nioclás agus fáiltímid roimh ghuth agus roimh rannpháirtíocht na ndaltaí i saol uile na scoile . Go maire sibh bhur bhfís.