Tá an-bhorradh faoi chúrsaí spóirt sa scoil agus leath na foirne bainteach le foirne i slí amháin nó slí eile. Bíonn 57 dalta Idirbhliana i mbun spóirt i gColáiste na Rinne gach tráthnóna Céadaoine ó 1.30-3.30in agus is sinne atá go mór faoi chomaoin ag Mícheál Ó Drisleáin, Stiúrthóir an Choláiste as an bhfíorchaoin fáilte a fhearann sé romhainn i gcónaí. Tá ag éirí go hiontach le foirne peile agus iomána na mbuachaillí agus na gcailíní agus go leor, leor cluichí imeartha le seachtainí anuas. Is cuma an mbíonn an lá leo nó nach mbíonn, bímid i gcónaí an-mhórálach as na himreoirí ar fad a chaitheann geansaí Mheánscoil San Nioclás le bród. Treise leo! Ár mórbhuíochas le CLG na Rinne a thug cead dúinn Páirc Uí Shíothcháin a bheith againn don chluiche Pheil na mBan fé 16 in aghaidh Coláiste Pháirc an Uisce le déanaí agus as an dea-mhéin a léiríonn siadsan dúinn i gcónaí