D'éirigh go geal le lucht na hidirbhliana i gcaitheamh a gcéad seachtain ar ais (agus a gcéad seachtain sa scoil i gcás cuairteoirí na hIdirbhliana). Baineadh lántairbhe as na laethanta grianmhara agus iad ag cur aithne ar a chéile i mBaile na nGall ar an Luan, agus nuair a bhíodar ar an gCoinigéar le Liam Suipéil ar an gCéadaoin.