Fógraíodh dátaí don Chlár Erasmus + a bheidh ag cur céad tréimhse an togra i gcrích i Méanscoil San Nioclás idir 9-13 Nollaig 2019. Tá Maria Ní Dhonnabháin, Comhordaitheoir Chlár Erasmus + Mheánscoil San Nioclás i mbun eagrúcháin cheana féin le foireann, daltaí agus tuismitheoirí na scoile agus sinn ag coinne go mór le cuairt 15 daltaí agus 7 múinteoirí ó Phoblacht na Seice, ón bhFionlainn agus ón Ostair ag teacht ar cuairt chun na scoile. Is é téama an togra seo ná na hEalaíona.