Mar chuid d'imeachtaí Seachtain na Gaeilge thug beirt de mhór cheoltóirí na tíre Diarmuid Ó Meachair (Ceoltóir Óg na Bliana 2022) agus iardhalta na scoile Caoimhín Ó Fearghaíl( Ceoltóir Óg na Bliana 2012) cuairt orainn. Sheinn siad do dhaltaí na scoile agus ina dhiaidh roinneadar a gcuid ceoil le cuid de cheoltóirí na scoile. Ba mhór an phribhléid é do cheoltóirí na scoile cúpla port a bhualadh leo. Ár mbuíochas ó chroí le Diarmuid agus Caoimhín agus le Comhlucht Forbartha na nDéise a thacaigh leis an imeacht.
Mol an óige agus tiocfaidh sí.