Bhí mí ghnóthach ag lucht na hidirbhliana chun tús a chur leis an mbliain. Bhíodar i mbun sóisialaithe, aclaíochta, spaisteoireachta agus só idir a bheith ag casadh ar scoláirí nua na hidirbhliana, a bheith i mbun ceardlanna ióga le hÓga Yoga, a bheith ag tabhairt faoi shiúlóidí sa Rinn agus a bheith ag triail ar na Craobhacha Náisiúnta Treabhdóireachta.