Bhí ard-oíche againn i Meánscoil San Nioclás le déanaí. Urraithe ag Comhlacht Forbartha na nDéise, ghlac daltaí na scoile, roinnt iar-dhaltaí agus aíonna páirt i gceolchoirm scoile. Bhí sé go hálainn an méid sin daltaí a fheiscint ar an ardán! Buíochas le Tomás Ó Gealbháin a d'eagraigh, le Comhlacht Forbartha na nDéise a dhein urraíochta agus le Mac Dara Mac Donncha (fear an tí). B'é Mike Meade a thóg na griangrafanna, buíochas leis. Buíochas freisin le Dearán, Sinéad agus Eoin a chabhraigh na daltaí a ullmhú agus leis na daltaí uilig a ghlac páirt!