Ádh mór ar pheileadóirí na Meánscoile atá ar bís ag fuireach ar dháta do Chraobh na Mumhan a bheidh ag teacht chucu gan mhoill. Tá go leor traenála agus an-chluichí curtha isteach ag na mná óga seo ó thús na bliana agus iad faoi stiúir éifeachtach ag a dtraenálaí Katie Ní Annáin. Ní fada go mbeidh a fhios acu cé a bheidh mar chéile comhraic rompu ach tá lánmhuinín ag pobal uile na scoile astu. Go n-éirí go geal libh.