Bhí an-lá ag ceoltóirí na scoile i Mala le déanaí agus iad ag glacadh páirt i gcómórtaisí Scléip. Comhghairdeas le Riain Ó Laoire Bl.5 atá cáilithe do Chraobh Scléip i gceol uirlise aonair (Sinsir) agus do Mhary Ní Dheagh a bheidh ag seinm sa Chraobh i gceol uirlise aonair (Sóisear). Mí-ádh le Alannah agus Alesha a chan go muiníneach ach nár éirigh leor dul tríd agus leis na grúpaí ceoil a thug an taispeántas ar an lá. Maith sibh go léir.