Próiseas Féinmheastóireacht Scoile 2018-2019
Tugadh isteach an Próiseas Féinmheastóireacht Scoile chun straitéisí éifeachtacha a chur i bhfeidhm sa scoil a ardóidh caighdeán eispéireas na bhfoghlaimeoirí agus a fhorbóidh dea-chleachtais d'fhoireann teagaisc agus do bhainistíocht na Scoile.
Sa Phlean iomlán tá cúig chuid:
- Tuairisc Fhéinmheastóireachta agus Plean Feabhsúcháin 2016/2017 & 2017/2018
- Plean DEIS 2016-2019
- Pleananna Gníomhaíochta Feabhsúcháin scoile don bPolasaí Gaeltachta 2017/2021
- Forás 2018/2021
- Cigireacht ábhar agus uile scoile na Roinne Oideachais
Tuairisc Fhéinmheastóireachta agus Plean Feabhsúcháin
Le linn an phróisis déantar tagairt den dhá cháipéis seo: Féinmheastóireacht Scoile Treoirlínte 2016-2020 agus Ag breathnú ar an Scoil againne 2016: Creat Cáilíochta d'Iar-Bhunscoileanna, ina ndírítear ar na nithe seo a leanas:
Torthaí na bhfoghlaimeoirí
Eispéiris na bhfoghlaimeoirí
Cleachtas aonair na múinteoirí
Cleachtas comhcoiteann/Comhoibríoch na múinteoirí
Foilsítear Tuairisc Fhéinmheastóireachta na scoile go bliantúil ar shuíomh na scoile agus d'fhaomhaigh an Bord Bainistíochta Mheánscoil San Nioclás Tuairisc na féinmheastóireachta agus an Plean DEIS 2016/2017 ar an 11 Aibreán 2018.
Plean DEIS
Tá Meánscoil San Nioclás aitheanta mar scoil DEIS agus tá Plean Trí-Bliana DEIS ó 2016-2019 á chur i bhfeidhm.
Sa phlean DEIS dírítear ar na nithe seo a leanas:
Plean le Coinneáil a fheabhsú
Plean le Tinreamh a fheabhsu
Plean le Leibhéal Litearthachta a fheabhsú
Plean le Leibhéal Uimhearthachta a fheabhsú
Plean le Gnóthachtúil i Scrúduithe a fheabhsú
Plean le Dul Chun Cinn Oideachasúil a fheabhsú
Plean le Comhpháirtíocht le Tuismitheoirí a Chur Chun Cinn
Plean le Comhpháirtíocht le Daoine Eile a Chur Chun Cinn
Folláine
Pleananna Gníomhaíochta Feabhsúcháin scoile don bPolasaí Gaeltachta
Forás
Cigireacht ábhar agus Cigireacht Uile Scoile na Roinne Oideachais:
Cigireacht Spáinnise
Cigireacht Idirbhliana
Cigireacht Uile Scoile
Cigireacht Staire
Cigireacht Tacaíocht Speisialta
Cigireacht Teic Adhmad
Cigireacht Eolaíochta agus Ceimice